faoi
Is cumadóir, orgánaí, pianódóir agus oideachasóir as Baile Átha Cliath é Ferdia Ó Cairbre. Chríochnaigh sé céim Bhaitsiléara sa Cheol in 2025 agus céim MA i gCleachtais Cheoil Chomhaimseartha in 2026, an dá cheann acu le hOllscoil Mhá Nuad, agus thuil sé scoláireachtaí ceoil agus Gaeilge i rith an ama sin. Rinne a thráchtas fochéime anailís ar fhuaimrian Michael Nyman do The Draughtsman's Contract le Peter Greenaway, agus scrúdaigh a phunann cumadóireachta don Mháistreacht téacsanna Gaeilge, in éineacht le miotaseolaíocht agus topografaíocht na hÉireann, i gcomhthéacs an cheoil. Mar Scoláire Dochtúireachta John agus Pat Hume, tá sé i mbun PhD i Maigh Nuad faoi láthair faoi mhaoirseacht an Dr Ryan Molloy a scrúdaíonn, trí chumadóireacht, ról na Gaeilge i gceol comhaimseartha agus nasc ceol-theangeolaíocha ar bith a eascraíonn as an taighde úd.
Tá staidéar déanta ag Ferdia ar an bpianó clasaiceach, ar an bpianó sa stíl traidisiúnta, ar an nguth clasaiceach, agus ar an orgán, agus mhúin sé pianó, teoiric an cheoil (an dá cheann le Castleknock School of Music), agus cumadóireacht. Bhí sé ina stiúrthóir agus cuntóir ceoil ag cór traenála an Cheolárais Náisiúnta agus ag a chóir óige faoi seach. Is iar-bhall de gach ceann de na cóir seo é freisin, tar éis dó a bheith ag canadh go forleathan ar fud na hÉireann leo le linn a bhlianta déagóra. Tá cúrsaí stiúrthóireachta curtha i gcrích ag Ferdia (m.sh. Dublin International Choral Masterclasses), agus faoi láthair is ceannaire páirte é do Chumann Córúil Ollscoil Mhá Nuad agus is teagascóir orgáin é le Coláiste Naomh Pádraig, Maigh Nuad. Faoi láthair tá poist aige mar orgánaí i St. Mary’s Star of the Sea, Dumhách Trá agus Paróiste Enfield Rathmolyon, agus tá ceolchoirmeacha lóin (m.sh. mar chuid den tsraith Spectroimmersion) agus ceadail in Ollscoil Mhá Nuad d'Entente Florale Europe, comhdhálacha éagsúla, agus grúpaí eile déanta aige.
Tá cuid mhór de shaothair Fherdia tar éis a bheith léirithe ag féilte, lena n-áirítear cúig chéadléiriú ag New Music Dublin (The Everlasting Voices, A Lullaby, Things That Never Die, For Our World, agus Today Is Here) le Cór na nÓg agus Cór Linn sa Cheoláras Náisiúnta agus láithriú ag Pipeworks Organ and Choral Festival. In 2021, chan Chamber Choir Ireland dhá cheann dá shaothair chórúla (Quicksilversong agus Brú na Bóinne) mar chuid dá thionscadal ‘Choral Postcards’. Tá saothair Fherdia tar éis a bheith léirithe go hidirnáisiúnta freisin; rinne an cláirseoir Anne-Marie O'Farrell agus an boscadóir Timo Kinnunen a shaothar, In Eleventh Heaven, a chéadléiriú i Kalajoki na Fionlainne sa bhliain 2024. In 2026, bronnadh an Irish Heritage Composition Bursary air, agus mar thoradh air sin, rinne Seth Collin a shaothar don dordveidhil, Neamh-ghleann, a léiriú i Londain. Tá taithí chumadóireachta agus taibhithe ag Ferdia i seánraí ar nós ceol clasaiceach (comhaimseartha), ceol traidisiúnta na hÉireann, snagcheol, ceol córúil, agus ceol leictrea-acústach, agus tá a chuid cheoil le cloisteáil i roinnt gearrscannán (m.sh. My Head Is Too Big For My Jumper le Ella Adams) agus i bhformáidí closamhairc eile. Tá a shaothair léirithe aige féin ar go leor ócáidí freisin, go háirithe do chomhdháil Chumann Múinteoirí Ceoil Iar-bhunscoile, as an marc is airde a bhaint amach i gCeol an Teastais Shóisearaigh in Éirinn in 2019. Le linn a thréimhse mar mhac léinn, chas sé mar chuid de bhanna Snagcheoil agus Gormacha an Chumainn Cheoil, an Cumann Ceoil Traidisiúnta, an Cumann Córúil, agus tríréad traidisiúnta, Ceolta (leis na fidléirí Aoife Sheridan agus Ciarán Mulligan). In 2026, chuir Ferdia le Taisce Cheol Dúchais Éireann mar scríbhneoir agus taibheoir, i ndiaidh a bheith ag déanamh scrúdaithe ar aistriúcháin Ghaeilge an Ardeaspaig John MacHale de Irish Melodies le Thomas Moore.